Tá Pobal Simon na Gaillimhe ag obair i nGaillimh os coinn 30 bliana. Dúinne, tá baint ag bheith gan dídean le níos mó ná bheith gan díon nó teach. Baineann sé le easpa dídine, easpa ionaid chónaithe agus easpa sábhaltachta.
Tithíocht le Ardtacaíocht: Cuirtear tacaíocht 24 uaire, 7 lá in aghaidh na seachtaine ar fáil. Cé go gcuirtear ardchaighdeán tacaíochta agus aire ar fáil, bíonn an neamhspleáchas céanna ag na cónaitheoirí is a bheadh acu dá mbeidís ina gcónaí go neamhspleách. Spreagtar iad chun bheith gníomhach i reachtáil an tí.
Tionscadal na mBan: Seirbhís ardtacaíochta ina gcuirtear ionad sábháilte ar fáil do mhná irith an achair a mbíonn sé de dhíth.
Tithíocht le Meántacaíocht agus Tacaíocht Bheag: Lóistín ardchaighdeánach in imshaol sábháilte agus tacúil. Pobail chothromaithe d’fhir agus mná, seanóirí agus an t-aos óg ag maireachtáil i suíomh neamhinstitiúidiúil.
Athlonnú: Cuirimid timpeallacht mhaireachtála thacúil ar fáil. Bíonn seans ag cónaitheoirí dul i gceann riachtanas casta. B’fhéidir gur chuir siad seo cosc leo lóistín buan a fháil agus a choinneáil san am caite. Cabhraítear le cónaitheoirí plean athlonnaithe ar leith a fhorbairt. Leagtar béim leis seo ar fhorbairt pearsanta
Tacaíocht Leanúnach: Cuirimid tacaíocht leanúnach ar fáil freisin do dhaoine atá imithe óna tionscadail seo go léir agus ag maireachtáil sa phobal. Bíodh sin in árásáin Shíomóin na Gaillimhe nó ina lóistín féin.
Is féidir le deonacht cur le do shaol agus difear ollmhór a dhéanamh do shaol ár gcónaitheoirí. Lena chois seo beidh tú ábalta cairde nua a fháil, scileanna nua a fháil agus do réimse taithí a fhorbairt i mbealach siamsúil.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Michelle Powell ag 091 381 837
Is féidir a chinntiú go leanfar le obair ríthábhachtach Shíomóin na Gaillimhe de dheasca flaithiúlachta agus ceangail ár lucht tacaíochta.
Is mian linn buíochas a ghabháil lenár ndeontóirí agus lucht tacaíochta ar fad atá rannpháirteach inár n-aisling chun oibriú in aghaidh na ceiste bheith gan dídean.
Más mian leat deonachán a dhéanamh trí chárta creidmheasa nó seic déan teagmháil le Kerry Mossop ag 091 38 18 28
Tá an Siopa Simon ar Bhóthar na Mara ina fhoinse thábhachtach chistithe do Pobal Simon na Gaillimhe le fada.
Fáiltíonn an siopa roimh gach deonachán éadaigh de chineál maith, earraí tí agus troscán beag.
Má bhíonn tú ag iarraidh rud éigin a bhronnadh ar Shiopa Simon, nó má bhíonn tú ag iarraidh socrú a dhéanamh chun troscán éigin a bhailiú, déan teagmháil le do thoil le Carolyn ag 091 584 962